Brath

Dearadh aláraim dheataigh chun rabhadh luath a thabhairt i gcás dóiteáin. Ní raibh aon aláram deataigh ar obair i gcás 82% de na dóiteáin inar maraíodh daoine.

Bí cinnte:

  • Go mbíonn aláram deataigh amháin ar a laghad (ar an tsíleáil) ar gach urlár den teach.
  • Go dtástáiltear na haláraim dheataigh uair sa tseachtain ar a laghad
  • Go n-athraíonn tú na batairí gach bliain.
  • Go n-athraíonn tú an bataire a luaithe a chloiseann tú an bíb rabhaidh.