Cosc
Cailltear 39 nduine nó mar sin i nDóITEáIN sa tír seo gach bliain.
Ní i gcónaí a bhíonn an DóITEáN i dteach duine éigin eile.
D'fhéadfadh sé gur i do THEACHSA a bheidh an chéad DóITEáN eile!
I dteannta a chéile féadaimid STOP a chur le dóiteáin
Seasann STOP do:
- S - Seasann an S do 'Sábháilteacht le hAláraim Dheataigh' Bí cinnte go bhfuil ceann amháin ar a laghad agat ar gach leibhéal/urlár.
- T - Seasann T do 'Tástáil d'aláraim dheataigh gach seachtain' nó iarr ar dhuine éigin eile iad a thástáil ar do shon.
- O - Seasann O do 'Oscailteacht do dhainséir shoiléire'. Bí san airdeall maidir le rioscaí dóiteáin. Rioscaí is ea soicéid a bhfuil barraíocht plocóidí iontu, coinnle agus gléasanna gan duine a bheith ina mbun.
- P - Seasann P do 'Pleanáil do bhealach éalaithe' Bíodh bealach éalaithe saor ó bhac agat, agus bíodh d'eochracha in aice láimhe i gcónaí.
Seachain:
- Tobac a chaitheamh agus tú tuirseach
- Coinnle lasta a fhágáil gan duine sa seomra leo
- Leanaí óga a fhágáil gan duine sa seomra leo
- Lasáin agus lastóirí a fhágáil san áit ar féidir le leanaí breith orthu.
- Pannaí sceallóg, friochtáin agus mar sin de a bheith in úsáid gan duine sa seomra leo
- Seasamh ró-ghar do thine, do théitheoirí, agus mar sin de.
- Fearais leictreacha lochtacha a úsáid
- An iomarca plocóidí a chur isteach i soicéad
Bí cinnte:
- Go nglantar an simléar uair sa bhliain ar a laghad
- Sciath thine a úsáid le tine oscailte
- Coinnleoirí cearta a úsáid nuair a bhíonn coinnle ar lasadh
- Luaithreadán a choimeád folamh nuair nach bhfuil sé in úsáid
- Go mbíonn múchtóir dóiteáin oiriúnach agus blaincéad dóiteáin agat sa chistin.
- Go ndeisítear fearas leictreach lochtach nó go gceannaítear ceann nua
- Go ndúntar gach doras istoíche.
- Go ndéantar seiceáil shábháilteacht ar dhóiteán roimh dhul a luí.