Conas Bealach Éalaithe a Phleanáil
Bíodh “Plean Éalaithe” agat duit féin agus don teaghlach ar fad i gcás dóiteáin.
D’fhéadfadh dóiteán briseadh amach istoíche nuair a bheadh ort éalú sa dorchadas agus tú ar crith le heagla. D’fhéadfadh sé sin a bheith an-deacair go háirithe má tá leanaí óga sa teaghlach, nó seanóirí nó daoine breoite. Beidh sé níos fusa éalú ó dhóiteán má tá bealach éalaithe socraithe agat agus fios agat cá háit a bhfuil tú ag dul.
- Bíodh gach duine bainteach leis an bplean éalaithe, fiú cuairteoirí sa teach
- An ghnáthshlí amach an tslí is fearr.
- Coimeád an bealach amach saor ó bhaic
- Coimeád eochracha na ndoirse agus na bhfuinneog in aice láimhe
- Cosain an tslí éalaithe trí gach doras isteach ann a dhúnadh, go háirithe istoíche
- Cleachtaigh an plean éalaithe
- Roghnaigh áit shábháilte coinne lasmuigh
- Bíodh a fhios ag gach duine conas glao a chur ar an tseirbhís dóiteáin
Munar féidir leat an ghnáthshlí amach a úsáid, smaoinigh ar bhealaí eile:
- Cúldoirse
- Doirse paitió
- Fuinneoga
Bí cinnte go mbíonn na slite éagsúla amach ar eolas ag cách. Má bhíonn dóiteán ann, nó má chloiseann tú an t-aláram deataigh, ní bheidh i bhfad agat le héalú. Más féidir:
- Dún doras an tseomra ina bhfuil an dóiteán
- Cabhraigh le gach duine éalú a luaithe is féidir agus fan lasmuigh
- Glaoigh ar an tSeirbhís Dóiteáin ag 112 ó bhosca fóin, ó fhón póca nó ó theach comharsan.
- Ná téigh ar ais isteach i dteach trí thine riamh go dtí go ndeir an tseirbhís dóiteáin go bhfuil sé sábháilte.
Má tá dóiteán sa tslí ort, déan iarracht d’imní a choimeád faoi smacht:
- Dún an doras agus úsáid tuáillí nó braillíní chun aon bhearna a líonadh
- Déan iarracht dul fad leis an bhfuinneog
- Má bhíonn an iomarca deataigh sa seomra, snámh feadh an urláir.


