AN tSEACHTAIN NÁISIÚNTA SÁBHÁILTEACHT DÓITEÁIN 2012

Cosaint do na Daoine is mó atá i mBaol ó Dhóiteáin

Seolfaidh an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil an tSeachtain Náisiúnta Sábháilteacht Dóiteáin go hoifigiúil in Ionad Traenála Bhriogáid Dóiteáin in Institiúid Uí Bhriain, Marino, Baile Átha Cliath 3, Dé Luain, an 1 Deireadh Fómhair.

Feachtas i bpáirt is ea an tSeachtain Náisiúnta Sábháilteacht Dóiteáin (1 – 8 Deireadh Fómhair) le Seirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Thuaisceart Éireann agus féachann sé le sábháilteacht dóiteáin a fheabhsú, go háirithe i dtithe. Is é téama na bliana seo "Cosaint do na Daoine is mó atá i mBaol ó Dhóiteáin". Is iad na daoine is óige agus na daoine is sine i mó atá i mbaol agus is daoine sna grúpaí sin a bhíonn i leath de na daoine a chailltear i ndóiteáin teaghlaigh.

Gheofar fréamhacha na Seachtaine Náisiúnta Sábháilteacht Dóiteáin i nDóiteáin Mhór Chicago, a tharla an 8 Deireadh Fómhair 1871. D'fhógair iar-Uachtarán na Stát Aontaithe, Calvin Coolidge, an tSeachtain Náisiúnta Sábháilteacht Dóiteáin sa bhliain 1925 i gcuimhne orthu siúd a cailleadh sa dóiteán sin. Ó shin i leith, comóirtear an tseachtain sin gach bliain i mí Dheireadh Fómhair i dtíortha ar fud an domhain. Céad tríocha seacht bliain níos déanaí, tá an teachtaireacht mar gheall ar chosc dóiteáin agus sábháilteacht ar dhóiteán chomh riachtanach anois agus a bhí riamh.

  • Tá tithe ann fós nach bhfuil aláram deataigh iontu.
  • Níor cheart dearmad a dhéanamh ar dhaoine leochaileacha sa phobal.
  • Formhór na ndaoine a chailltear i ndóiteáin, is de dheasca análú deataigh seachas dónna a chailltear iad. Féadtar duine a mharú i dtrí nóiméad de dheasca análú deataigh.
  • Ní thógann sé ach cúpla nóiméad gnáthsheiceáil dóiteáin a dhéanamh ach d'fhéadfadh sé an difríocht a dhéanamh idir bás agus beatha.
  • Bíodh plean éalaithe ó dhóiteán agat, múin don teaghlach é agus cleacht é go rialta.

Déan do chionsa sa tSeachtain Náisiúnta um Shábháilteacht ar Dhóiteáin. Léigh an chuid eile den suíomh Gréasáin go bhfaighidh tú amach conas dóiteáin sa bhaile a chosc agus a bhrath. D'fhéadfadh sé do bheatha féin a shábháil lá éigin.