- Baile
- Aláraim Dheataigh
- Fíricí
Fíricí faoi Aláraim Dheataigh
- Faigheann 39 duine ar an meán bás i ndóiteáin in Éirinn gach bliain. Ar an drochuair, d’fhéadfaí formhór na mbásanna sin a sheachaint ach aláram deataigh atá ag obair a bheith feistithe sa teach.
- Tháinig sé chun solais i suirbhé náisiúnta ar aláraim dheataigh a rinneadh le deireanas go raibh breis is 300,000 teach ann nach raibh aláram deataigh ar bith ann!
- Ní chuireann Aláram Deataigh “cosc” le dóiteán!
- Istoíche a bhriseann formhór na ndóiteán amach, nuair a bhíonn daoine ina gcodladh. Ní i gcónaí a dhúisíonn daoine le boladh deataigh, is amhlaidh gur féidir le deatach tú a chur i do shámhchodladh.
- Ní “mhúchtar” dóiteáin le hAláram Deataigh!
- Inanálú deataigh, agus ní teas ná lasracha, is cúis le formhór na mbásanna i ndóiteáin agus féadfaidh an deatach ón ábhar i dtroscán áirithe tú a mharú go han-tapa.
- Tá aláraim dheataigh deich mbliana i bhfoirm ianúcháin nó optúil ar fáil agus bataire litiam fadsaoil iontu nó paca cumhachta séalaithe a mhairfidh deich mbliana.