Leideanna Ginearálta faoi Aláraim Dheataigh

Dhá chineál aláraim dheataigh atá ann: aláram "ianúcháin" agus aláram "optúil".

Aláraim Dheataigh Ianúcháin

An cineál is saoire agus is coitianta. Braitheann sé píosaí beaga deataigh ó dhóiteáin “bladhma” cosúil le panna sceallóg. Braithfidh sé an cineál dóiteáin seo sula n-éiríonn an deatach tiubh.

Aláraim Dheataigh Optúil

Níos costasaí ach níos éifeachtaí chun píosaí deataigh níos mó a bhrath ó rudaí ar nós cúr-rubair nó sreangú PVC, rudaí a dhónn go mall.

An mó aláram deataigh a bheadh uaim?

Aláram deataigh amháin i ngach seomra is ea is fearr (ní gá ceann sa seomra folctha, sa chistin ná sa gharáiste).

Bíodh ar a laghad aláram deataigh amháin agat ar gach urlár sa teach.

Cá gcuirim iad?

Ar an tsíleáil a ghaire is féidir do lár an tseomra.
Smaoinigh an mbeidh tú in ann an t-aláram deataigh a chloisteáil istoíche agus na doirse dúnta.

Bíodh do Phlean Éalaithe ar Eolas Agat!

An cuspóir le hAláram Deataigh ná rabhadh luath a thabhairt duit i gcás dóiteáin!
Tá sé riachtanach fios a bheith agatsa agus ag an líon tí cad ba cheart a dhéanamh má chloiseann sibh an tAláram Deataigh.