Leideanna Ginearálta faoi Aláraim Dheataigh
Dhá chineál aláraim dheataigh atá ann: aláram "ianúcháin" agus aláram "optúil".
Aláraim Dheataigh Ianúcháin
An cineál is saoire agus is coitianta. Braitheann sé píosaí
beaga deataigh ó dhóiteáin “bladhma” cosúil le panna sceallóg. Braithfidh sé an cineál dóiteáin seo sula n-éiríonn an deatach tiubh.
Aláraim Dheataigh Optúil
Níos costasaí ach níos éifeachtaí chun píosaí deataigh
níos mó a bhrath ó rudaí ar nós cúr-rubair nó sreangú PVC, rudaí a dhónn go mall.
An mó aláram deataigh a bheadh uaim?
Aláram deataigh amháin
i ngach seomra is ea is fearr (ní gá ceann sa seomra folctha, sa chistin ná sa gharáiste).
Bíodh ar a laghad aláram deataigh amháin agat ar gach urlár sa teach.
Cá gcuirim iad?
Ar an tsíleáil a ghaire is féidir do lár an tseomra.
Smaoinigh an mbeidh tú in ann an t-aláram deataigh a chloisteáil istoíche agus na doirse dúnta.
Bíodh do Phlean Éalaithe ar Eolas Agat!
An cuspóir le hAláram Deataigh ná rabhadh luath a thabhairt duit i gcás dóiteáin!
Tá sé riachtanach fios a bheith agatsa agus ag an líon tí cad ba cheart a dhéanamh má chloiseann sibh an tAláram Deataigh.