Tástáil agus Cothabháil

Is beag cothabháil a bhíonn le déanamh ar aláraim dheataigh ach amháin an méid seo a leanas:

  • Uair sa tseachtain bain triail as an aláram tríd an gcnaipe tástála a bhrú agus a choimeád síos go dtí go gcloisfidh tú an bíb.
  • Gach sé mhí úsáid folúsghlantóir agus scuab chun deannach a bhaint den aláram.
  • Athraigh an bataire uair sa bhliain.
  • Ceannaigh aláram deataigh nua gach deich mbliana.