Déan Seiceáil Rialta maidir le Sábháilteacht Dóiteáin

  1. Home
  2. /
  3. Sábháilteacht Dóiteáin
  4. /
  5. Sábháilteacht dóiteáin sa Bhaile
  6. /
  7. Déan Seiceáil Rialta maidir le Sábháilteacht Dóiteáin

Bí ag faire amach do dhainséir shoiléire. Níor cheart go dtógfadh “Seiceáil Rialta maidir le Sábháilteacht Dóiteáin” ach cúpla nóiméad ach d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh idir Bás agus Beatha.

Siúil timpeall do thí d’fhonn do theach a choinneáil sábháilte agus slán.

  • Déan plocóid gach fearas leictreachais nach dteastaíonn a tharraingt amach as an soicéad.
  • Múch gach fearas gáis nach dteastaíonn.
  • Bí cinnte go bhfuil gach coinneal agus gach lasair gan chosaint múchta.
  • Cuir sciath thine os comhair aon tine oscailte.
  • Folmhaigh gach luaithreadán.
  • An bhfuil gach bealach éalaithe go hiomlán slán ó bhacainní?

Dún gach doras chun scaipeadh dóiteáin agus deataigh a laghdú.

Scroll to Top