" data-object-fit="cover">

Fire SafetyTip

Aslonnú

Bíodh “Plean Aslonnaithe” ullmhaithe agat duit féin agus do do theaghlach i gcás dóiteáin.

Má tharlaíonn tine i do theach b’fhéidir go mbeidh ort do bhealach amach a dhéanamh i gcúinsí dorcha agus deacra. Is féidir leis seo a bheith an-dúshlánach go háirithe má tá daoine i do theaghlach an-óg, aosta nó easlán. Beidh sé níos éasca éalú ó dhóiteán má tá bealach éalaithe beartaithe agat cheana féin agus má tá a fhios agat cá háit le dul:

  • Bíodh gach duine sa teach páirteach, agus cuairteoirí chuig do theach san áireamh
  • Is é an gnáthbhealach amach a úsáidtear an bealach is fearr le roghnú
  • Coinnigh do bhealach éalaithe slán ó bhacainní
  • Coinnigh eochracha do dorais agus d’fhuinneoga in áiteanna a mbeidh siad le fáil láithreach
  • Cosain do bhealach éalaithe trí gach doras a osclaíonn isteach go dtí é a dhúnadh, go háirithe san oíche
  • Déan an plean atá aontaithe a chleachtadh
  • Socraigh ar áit chruinnithe atá sábháilte taobh amuigh
  • Cuir gach duine ar an eolas faoin gcaoi le glaoch a chur ar an tseirbhís dóiteáin

Mura bhfuil tú in ann an gnáthbhealach amach a úsáid, smaoinigh ar bhealaí malartacha:

  • Cúldoirse
  • Doirse Paitió
  • Fuinneoga

Bí cinnte go bhfuil gach duine ar an eolas faoi na bealaí malartacha seo. Má thagann tú ar dhóiteán, nó má bhuaileann an t-aláram deataigh, ní bheidh agat ach tréimhse ama ghearr le do bhealach amach a dhéanamh. Más féidir:

  • Dún doras an tseomra ina bhfuil an tine
  • Cuir gach duine amach as an teach chomh luath agus is féidir agus fanaigí taobh amuigh
  • Cuir glao ar an tseirbhís dóiteáin ar 999/112 ó theach do chomharsan nó ó do ghuthán póca
  • Ná téigh ar ais isteach i dteach riamh go dtí go ndéarfaidh an tseirbhís dóiteáin go bhfuil sé slán sin a dhéanamh

Má tá tú sáinnithe ag tine, déan do dhícheall guaim a choinneáil ort féin:

  • Dún an doras agus úsáid tuáillí nó braillíní chun aon bhearnaí a bhlocáil
  • Déan do dhícheall do bhealach a dhéanamh chuig an bhfuinneog
  • Má bhíonn an seomra lán le deatach, déan do bhealach ar do lámha agus ar do ghlúine

Oscail an fhuinneog agus déan iarracht aird a tharraingt ort féin.

Scroll to Top